fleadh_banners_0125.jpg

The Fleadh Down In Ennis

Fleadh Nua 2023 Programme

Cas Amhrán - Amhráin agus Dánta a d’fhoghlaíomar ar Scoil

Cois na hAbhna - Wednesday 31st May 7.00pm

"Deir a lán daoine go bhfuil aon Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil ghlan dearmadta acu.  Bíodh sin amhlaidh, is beag duine nach féidir leo cuimhneamh ar véarsa nó dhó den na hamhráin nó na dánta a mhúineadh ar scoil nó sna coláistí samhraidh nuair a chloistear iad.  Mar shampla, amhráin cosúil le “Trasna na dTonnta” agus “Báidín Fheidhlimí” chomh maith le dánta cosúil le “Mise Raifteirí” agus “Cill Chais” – tá siad chomh neadaithe sin inár gcuimhne go gcruthaíonn siad nár theip ar an gcóras oideachais go huile agus go hiomlán.  Thug an t-oideachasóir ceannródaíoch Micheál Ó hEidhin, nach maireann an teideal “Cas Amhrán” don leabhar amhrán a d’fhoilsigh sé do pháistí scoile i 1975.  Is é “Cas Amhrán” an t-ainm ar an seisiún amhránaíochta agus filíochta a bheas ar siúl ag Fleadh Nua i gCois na hAbhna ar an gCéadaoin 31 Bealtaine ag tosnú ag 7.00 i.n..  Tá clú agus cáil bainte amach ag Emer Ní Fhlatharta, as Inis í ó dhúchas, mar amhránaí, ceoltóir agus cumadóir den scoth agus is cúis mhór ríméid dúinn go bhfuil an turas aerach meidhreach seo ar bhóithrín na smaointe tógtha ar láimh aici.  

Many people say that they have forgotten whatever Irish they learned at school. Be that as it may, the number that cannot recall a verse or two of the songs or poems learned at school or at Irish College on hearing them is few indeed.  Songs like “Trasna na dTonnta” and “Báidín Fheidhlimí” as well as poems like “Mise Raifteirí” and “Cill Chais” are so engraved in our memories that they prove that the efforts of our education system were not a total loss.  “Cas Amhrán” or “Sing a Song” was the title bestowed by the late pioneering educator, Micheál Ó hEidhin on his songbook for schoolchildren which was published back in 1975.  “Cas Amhrán” is also the name of the sing-song that takes place at Fleadh Nua in Cois na hAbhna on Wednesday, 31st May commencing at 7.00 p.m.  Ennis native, Emer O’Flaherty is a renowned Singer, Musician and Composer of the first rank and it is a great source of delight that Emer will lead this light-hearted nostalgic trip back to the days of our youth."

facebook        twitter